Seanchas a theaghlaigh. Clann Fheidhleimidh Mhic Grianna, Rann an Feirste. B’iad a chuid uncail, Seosamh, Séamus agus Dónalll Mac Grianna (scríbhneoirí clúiteacha Rann an Feirste). Bhí siad sna hÓglaigh, tógadh agus cuireadh na phríosúin iad. Chaith siad dhá bhliain sa phríosún ar an Droichead Nua.
00:02:40
Scéal faoi a ghar-athair mór Éamonn Mac Grianna a bhí ag dul ar aghaidh le bheith sna sagairt ach d’fhág sé iad. Chuaigh sé go Meiriceá agus chonaic fear as Gaoth Dobhair é lá amháin ag léamh Aifrinn. Níor mhian leis fios a ghnoithe a bheith ag achan duine – “ná lig an cat amach as an mála”.